Tá teacht ar an suíomh seo ar na Siollabais Nua don Chéad, don Dara agus don Tríú Bliain Ollscoile atá á gcur ar fáil ag An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Chomh maith leis na Siollabais féin, tá teacht ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail na Siollabas agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; tá teacht ar na fillteáin foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach de na Siollabais; tá liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; agus tá cuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil na Siollabais seo mar thoradh air. Is féidir na comhaid ar fad a théann leis na Siollabais a íoslódáil mar chomhaid pdf trí chliceáil ar na cnaipí cuí.

Tá súil againn go mbainfidh idir theagascóirí agus mhic léinn sásamh agus tairbhe as an suíomh.

Siollabais seachas cúrsaí atá ar an suíomh seo – tá sé i gceist go gcuirfeadh institiúidí éagsúla na Siollabais agus an t-ábhar samplach a théann leo in oiriúint do na cúrsaí ar leith Gaeilge atá á dteagasc acu féin.

Éist le hAilín Ní Chonchúir ag cur síos ar an siollabas don chéad bhliain:

Sa rannán seo

Cúlra agus Stair

Léigh cuntas ar chúlra agus stair an tionscadail

Siollabais agus Fillteáin Foghlama

Tá teacht anseo ar na treoircháipéisí siollabais agus na fillteáin foghlama do gach bliainghrúpa

Ábhar Samplach

Tá teacht anseo ar shamplaí de na cineálacha tascanna a d’fhéadfaí a bhunú ar théacsanna éagsúla chun na hinniúlachtai agus...

Acmhainní Foghlama

Gheofar liosta anseo d'acmhainní foghlama agus tacaíochta don mhac léinn

An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal

St Patrick's College
NUI Galway
Foras na Gaeilge